Glór Bhalana

Máire George            087 242 4934

Barbara Jordan      086 851 0115

Glór Bhalana – Fáilte!

Céad Míle Fáilte chuig leathanach Ghlór Bhalana.

Is eagraíocht áitiúil í Glór Bhalána  chun an teanga a chur chun cinn anseo i gceantair Bhalána, Chill Bhríde agus Rathuaidh. Tá alán eolais ar an leathanach seo faoin obair a bhíonn ar siúl againn agus faoi na himeachtaí a eagraimid chomh maith le naisc go suíomhanna usáideacha éagsúla atá bainteach le saol na Gaeilge.

Ar an suíomh seo tá eolas ar  imeachtaí Gaeilge , An Ghaeilge sa Phobal, Clár an tSamhraidh agus an Ghaeilge ins na meáin áitiúla. Chomh maith leis sin tá na scéalta nuachta is déanaí ó thaobh na Gaeilge  de.
Bain taithneamh as!

Welcome to the  Ballon Glór section of the Ballon Village website.

Glór Bhalána  is a local organisation aiming to promote the Irish language in Ballon and surrounding areas. You’ll find lots of information on this site about the work of Glór Bhalána the events we organise and also links to other useful web pages connected to the language.

We would like to thank all who made it possible for us to win the best new entry in the country in the Glór na nGael competition for 2010. We thank especially :
Michael Martin( a native of Wales) who is a fantastic help and the creator and web guy of this web site and Eileen Murphy without who’s help and co-operation nothing would get to press.
Last and by no means least is  Bríde de Roiste from Glór Cheatharlach.  The inspiration Ballon Glór have got from Cheatharlach is truly amazing.

Ar agaidh linn agus  ár motto  -    Is féider linn -   We can -   (inspired by Barbara Jordan)

If you want help with your Irish then click here - www.focal.ie

Or Focal an Lae – Irish Word a Day

YouTube Link – http://www.youtube.com/watch?v=_8PU1QkTyC8&feature=plcp

 

17/5/13

Glor Bhalana was awarded a trophy in April at Clontarf Castle for their outstanding contribution to the Irish language in the community.

700a6113

 

2/11/12 Halloween adventure

“ Huntington Castle, Clonegal, comes alive with Ghosts and Ghouls for Óiche Shamhna.”
A special bilingual Ghost Tout of Huntington Castle organised by Ballon Improvement Group together with Glór Bhalana held on October 31st 2012 was a resounding success. The event was supported to capacity and led by Castle tour guide Alex and a PúcaBan/Taibhse Ban who could only speak Irish. Ní raibh aici ach Gaeilge!!! The children who attended were fascinated by the history of Huntingdon Castle and the many special effects throughout the tour made the occasion memorable …..

As the tour progressed the Ghosts of Huntington emerged from a four poster bed, the yew tree walk and the temple in the dungeons… !!

Such was the terror of the tour that the group had to take time to recover with hot refreshments in the lovely ghost free tea rooms at Huntington afterwards.

Thanks to all for your support.

Mile Buíochas lé cách as an tacaiocht.

 

26/10/12

Press blurp from the Nationalist of 23rd October.

Innovate Carlow  – Carlow Enterprise Board.

Start Up & Business Awards  2012

Green Business Award

Sponsored by Carlow Local Authorities

The judges focused on integration of environmental sustainability into the company’s vision and culture, sustainable environmental business practices such as use of renewables, minimised waste and reduced carbon footprint, innovation and individuality of ideas, environmental and economic benefits.

In recognition of its Siopa Glas project which outlined the ambitious programme of waste reduction measures while providing a service to the community and fund raising to fund the Enhancement of Ballon Village led to this company been a winner.

(Nice concepts – but what about the campaign for simple English?)

25/10/12

Siopa Glas recognised again by CCC with a special award at the annual Pride of Place competition results last night.

siopa-glas

 

21/10/12

Gradam Ghnólacht Nuathionscanta Nuáil Cheatharlach
Agus Siopa Glas, Bhalana.

Rinne Bord Fiontar Cheatharlach óstáil ar Ghradam Ghnólacht Nuathionscanta Nuáil Cheatharlach agus ar an nGradam
Glas le déanaí, le cabhair airgid ó Chomhairle Chontae Cheatharlach.
Ba chúis mhór áthais domsa corn an Ghnólachta Ghlais don ghnó glas ab fhearr sa bhliain 2012 a glacadh ar son
fhoireann Ghlór Bhalana agus Grúpa Feabhsúcháin Bhalana ón Aire comhshaoil Pilib Ó hÓgáin, ag ócáid in Óstlann na
Seacht nDair.

2012-10-19-15_31_52
Tá an t-ádh linn go mbíonn spiorad iontach i measc phobal Bhalana. Tá ainm in airde ar an Siopa Glas sa lá atá
inniu ann agus is de bharr saothar na ndaoine a oibríonn go deonach sa siopa gurb amhlaidh dó. Is iontach an méid
imeachtaí pobal agus ócáidí spreagúla cairdiúla a tharla ag an siopa ón uair a d’osclaíomar don phobal i mí an
Mheithimh. Tá cur síos ar chuid de na himeachtaí seo ar an leathanach Facebook.
Gabhaimid buíochas ó chroí leis an uile dhuine a chabhraigh linn, agus leis na custaiméirí iontacha a tháinig
chugainn. Is iontach an tacaíocht a thug daoine indibhidiúla agus comhlachtaí beaga an cheantair dúinn. Bíonn
ionadh leanúnach Ar aghaidh linn! Is féidir linn!

14/10/12

Seo pictiúr ó Rath Chairn Co. na Mí.  Freastail cúpla daoine ó Glór Bhalana ar cúrsa deireadh seachtainne lán Gaelach le deanaí.
Pictured here are some members of Glór Bhalana who attended a Gael linn Course in Rathcairn Co Meath last week-end.
Information on the inland Gaeltacht Region  can be got at www.rathcairn.com

8/10/12

pdf poster Sealgaireacht foraging

5/10/12

For your diary: Wednesday 31st October

Halloween Ghost Tour le Glór Bhalana -   Spooky -  with prizes for fancy dress.
2pm on Wednesday 31st November. This is a ticket only event.

The number of places will be limited.  This promises to be a fantastic event so book your tickets early from the Siopa Glas.

The venue is Huntington Castle , Clonegal.

28/8/12

Seachtain na hOidhreachta 2012

 

Scoil Scairte ag Slí na Sceach, an “Forge”, Chill Bhríde, Co. Cheatharlach.

 

Ar an Satharn, an 25 Lúnasa d’athchruthaigh muintir Bhalana scoil scairte ag Slí na Sceach, díreach mar a bhíodh ag tosach an naoú chéad déag. B’ócáid ar leith í do na daoine óga a d’fhreastail ar an scoil samhraidh seo, agus b’iontach an taitneamh a bhain na páistí nár thosaigh sa bhunscoil go fóill fiú, as an eispéireas! De réir suirbhé a rinneadh sa bhliain 1824 bhí breis agus naoi míle scoileanna scairte ar fud na tíre, agus ceithre chéad míle duine ag freastal orthu. Bhain caighdeán sách ard leis an oideachas sna scoileanna seo, agus d’fhreastail Oilibhéar Goldsmith féin ar cheann acu. Tá cur síos aige ar mháistir na scoile sa dán iomráiteach sin “The Deserted Village”.

Ní raibh aon chiste fálaithe ag pobal Bhalana chun an scoil scairte seo a reáchtáil, ach slua breá daoine agus leas na háite ar intinn acu. Bhailigh idir óg agus aosta le chéile i ngiorracht don Forge, bialann aitheanta na dúiche sin, agus tháinig cuid de na páistí trasna na páirce chuige agus iad cosnochta. Chuir an Mháistreás Bríd Ní Fhiannaí ó Míseal fáilte roimh chách, agus roimh an sagart, an tAthair Breandán ó hIobhair, sagart paróiste. Dúirt an slua roinnt paidreacha le chéile, agus cuireadh tús le hobair an lae.

‘Clip Clop a Chapaillín’, an t-ainm a bhí ar an amhrán simplí a d’fhoghlaim na mic léinn i dtosach báire. Bhí an-spórt acu agus iad ag bualadh dhá chloch lena chéile chun an t-am a léiriú. Ina dhiaidh sin bhí dreas matamaitice ann, agus bhain na daltaí úsáid as raithneach mar áis chun comhaireamh a dhéanamh. Ansin bhí cleachtadh scríbhneoireachta ann agus tugadh slinnte do na buachaillí agus do na cailíní le go bhféadfaidís a n-ainmneacha a scríobh díreach mar a rinneadh fadó fadó.

Ag am lóin bhí bainne nua le hól acu, agus arán úr, agus sos beag acu tar éis oibre dóibh.

Cuireadh tús le himeachtaí tráthnóna leis an scéal  ‘An Gobán Saor’, an scéal a chuireann síos ar an mbealach inar theastaigh ón nGobán go ndéanfadh a mhac an bóthar a ghiorrú dó.

Díreach ag an am seo tháinig cith báistí agus theith gach aon duine  isteach i bpluais bheithe a bhí in aice áite. Nuair a d’imigh an bháisteach leis, tamall ina dhiaidh sin, leanadh ar aghaidh leis na scéalta.

Ghlac an uile dhuine páirt i siúlóid timpeall ar Shlí na Sceach, agus nach iad a bhain taitneamh as na sméara dubha a bhí le piocadh ar an mbealach thart, agus as na bláthanna fiáine áille a bhí le sonrú agus iad ag fás mórthimpeall na háite.

Bhí suim an-mhór ag na páistí nuair a thaispeáin an Mháistreás  dóibh conas bábóga a dhéanamh as olann. Níor thóg sé rófhada orthu máistreacht a fháil ar na ciútaí agus na scileanna cuí, agus bhí Bábóga aoibhne áille ag an chuid is mó acu ag dul abhaile dóibh, agus iad maisithe i ndathanna Bhalana!

Táimid fíorbhuíoch athair Breandán, de Bríd Ní Fhiannaí, an mháistreás iontach  ó Míseal, de mhuintir an “Forge”,  de Ghlór Bhalana agus de Mheitheal  Feabhsaithe Bhalana, agus dar ndóigh, de na daltaí a d’fhreastail ar an scoil. Tá muid féin agus a muintir féin thar a bheith bródúil astu!

26/8/12

YouTube Heritage Week in Ballon

3/8/12

Colún Úr Ghlór Bhalana – Céad Míle Fáilte

Is eagraíocht áitiúil í Glór Bhalana a chuireann teanga na Gaeilge agus labhairt na teanga chun cinn anseo i measc phobal cheantar Bhalana, Chill Bhríde, agus Ráth Tó. Tá a lán eolais ar an leathanach seo faoin obair a bhíonn ar siúl againn agus faoi na himeachtaí a bhíonn á eagrú againn. Tá cláir idir lámha againn maidir leis an nGaeilge sa Phobal, Clár an tSamhraidh agus an Ghaeilge sna meáin áitiúla. Chomh maith leis sin beidh na scéalta nuachta is déanaí ó thaobh na Gaeilge de á fhoilsiú anseo againn. Oibríonn Glór Bhalana láimh i láimh le Meitheal Feabhsaithe Bhalana. Tá dhá dhuais Náisiúnta bainte amach againn cheana féin, cé nár bunaíodh an eagraíocht go dtí bhliain 2010. Bhuamar an Duais Oidhreachta  don bhliain 2012, agus an duais don choiste nua a b’fhearr don bhliain 2011. Ag an bpointe seo ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le Bríde de Róiste agus le Glór Cheatharlach, a thug cabhair nach beag dúinn. Gabhaimid buíochas chomh maith leis an nuachtán seo, an Nationalist, a thug deis dúinn colún agus nuacht as Gaeilge ann a fhoilsiú i rith na míosa seo.

Is sráidbhaile í Balana, i gContae Cheatharlach, sráidbhaile atá deich gciliméadar soir ó dheas ó bhaile Cheatharlach, suite ar an N80, an bóthar mór a théann i dtreo Loch Garman. Tá feabhas in aghaidh na bliana ag teacht ar stádas Bhalana maidir le comórtas Ghlór na nGael agus le Comórtas na mBailte Slachtmhara. Tá os cionn seacht gcéad daoine ina gcónaí inti sa lá atá inniu ann. Tógadh an baile timpeall ar eastáit mhór na Leckies agus tá teach mór Ballykealy gar di chomh maith. Taistealaíonn seacht míle feithicil in aghaidh an lae trí lár an bhaile seo, agus dá dtabharfadh fiú cúig faoin gcéad de na taistealaithe seo cuairt orainn, chabhródh sé go mór le lucht ghnó an bhaile.

Tá dhá mhí ann ón uair a bunaíodh an Siopa Glas ar an láthair ina mbíodh an tseanphictiúrlann i lár an tsráidbhaile, agus réitíonn an Siopa Glas agus an cuma mhealltach atá air go mór le leagan amach néata an bhaile agus leis an iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn. Ionad dátheangach atá i bhfeidhm ar an láthair seo, bíonn fáilte roimh Ghaeilge nó Béarla, ach níl aon bhrú ar aon chuairteoir ceachtar den dá theanga a úsáid. Bíonn beirt ón gclár TÚS, an scéim pobail socrúchán oibre nua ag cabhrú le hobair an tsiopa, agus iad faoi choimirce na scéime LEADER.

Tá a suíomh Gréasáin féin ag muintir Bhalana ag ballonvillage.com agus is féidir eolas faoin mbaile a fháil ag an suíomh sin, agus sa nuachtlitir áitiúil a chuirtear ar fáil in aghaidh na seachtaine. Bíonn cabhair agus tuilleadh eolais ar fáil ag an ionad gnó a bunaíodh sa tseanscoil i mBalana chomh maith, ach glaoch ar Eileen ag: 059-9159447

27/7/12

Imeacht Sheachtain na hOidhreachta

Scoil Scairte         The Forge        Cill Bhríde

An Satharn     25 Lúnasa 2012      2 i.n. – 4.30 i.n.

Toisc gur éirigh thar barr leis an gCampa Dúlra i mí Iúil, beidh Scoil Scairte á reáchtáil ag Slí na Sceach ar an dáta thuasluaite. Is iad Meitheal Feabhsaithe Bhalana agus Glór Bhalana atá i mbun an imeachta seo, ag Slí na Sceach, The Forge, Cill Bhríde. Glacfaimid céim siar chuig an naoú haois déag agus beidh blaiseadh ag an aos óg ar lá scoile na linne sin. Beidh fáilte anseo roimh  ‘Eolaithe an Dúlra’, is iad sin na daoine óga ar fad a ghlac páirt sa Champa Dúlra. Beidh fáilte freisin roimh thuismitheoirí, agus roimh dhaoine fásta bheith mar dheontóirí le cabhrú ar an ócáid seo.

Bí Linn agus Fáilte! Is Féidir Linn!

 

Ráiteas Misin:

Tá súil againn suim sa Nádúr a spreagadh agus a chothú i measc paistí an cheantair, agus léirthuiscint a thabhairt don aos óg maidir leis an domhan nádúrtha. Ba mhaith linn an misneach a bheith acu meas a léiriú don timpeallacht, agus í a chaomhnú.

Má tá suim ar bith agat déan teagmháil le Eileen ag an tSeanscoil i mBalana, nó díreach ag The Forge.  Fón: 059  9159939.

 

11/7/12

fgraat1

5/7/12

Campa Dúlra Bhalana

Reáchtáladh Campa Dúlra le déanaí i mBalana. B’fhéidir gur ceart “Ealaín an Dúlra” a thabhairt ar an bhfiontar, toisc go raibh baint nach beag ag ealaín an nádúir leis an gcampa. Is iad Meitheal Feabhsaithe Bhalana agus Glór Bhalana a chuir an fiontar seo le chéile.

Níor thuigeamar cé chomh maith agus a d’éireodh leis an gcampa nuair a bhí an tairiscint seo á phleanáil againn. D’fhéadfaí ‘Eolaithe an Dúlra’ a thabhairt ar na daoine óga ar fad a ghlac páirt anois, toisc gur féidir leo dul faoin tuath leis an eolas agus an meas atá acu maidir leis an dúlra, agus áilleacht an nádúir a bhlaiseadh ar bhealach suimiúil taitneamhach.

‘Mol an óige agus tiocfaidh sí’ a deirtear, agus is fíor an nathán seo maidir leis na páistí a bhí ag freastal ar an gcampa. Chabhraigh na daoine óga a bhí i láthair mar chúntóirí go mór leis na himeachtaí ar fad a eagraíodh ar feadh na trí lá. Campa dátheangach a bhí ann, agus ba mhór an spreagadh do chách é an Ghaeilge a chloisteáil agus í in úsáid go nádúrtha i rith an ama. Tá moladh ar leith tuillte ag gach aon chinnire agus ag na cúntóirí ar fad a bhí i láthair.

Ar an gcéad lá thugamar cuairt ar Ghairdíní Altamont in éineacht le Paul Cutler, an príomhgharraíodóir, agus roinn seisean an t-eolas cuimsitheach atá aige faoi na crainn agus faoi na plandaí éagsúla leis na daoine óga. Tar éis briseadh don lón picnice, cuireadh tús leis an gcéad rang ealaíne. Ba é Robert Miller, an té a thugann aire don gharraí daingean agus do dhíol na bplandaí, an té a bhí mar stiúrthóir chuige sin. Dhathaigh agus mhaisigh na páistí potaí terracotta. Cuireadh peirsil sna potaí agus tá siad go mór le sonrú faoi láthair ar leaca fuinneog. Rinneamar tóraíocht taisce i measc na gcrann, agus cuireadh deireadh le turas Altamont le dreas rince agus le cúpla amhrán.

Ar an dara lá thugamar cuairt ar fheirm torthaí Uí Mhaoileoin. Thaispeáin Tom Malone na sútha talún, na sútha craobh, na spíonáin agus cuid mhaith torthaí eile do na leanaí. Mhínigh sé saol na dtorthaí ón am a chuirtear na síolta go dtí go ndéantar an toradh a ithe. Bhí sé thar a bheith taitneamhach, agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar na buachaillí agus ar na cailíní nuair a bronnadh sútha talún le huachtar reoite orthu le hithe, agus toirtíní torthaí le breith abhaile leo. Chomh maith leis sin, bronnadh plandaí sútha talún saor in aisce orthu, plandaí a cuireadh i dtalamh ar fud Bhalana an tráthnóna sin. Tá tuiscint agus meas anois ag gach aon duine a bhí i láthair ar an méid oibre agus ar an saineolas a bhaineann le torthaí den scoth a fhás ar an mórchóir mar a dhéanann muintir Uí Mhaoileoin. Níor éalaigh an chuil ghlas fiú.  Míníodh conas mar a dhéileáiltear leis na cuileoga seo maidir lena saolré féin agus leis an mbaint atá acu leis na torthaí, agus le timthriall na beatha.

“Torthaí” an téama a bhain le healaín an lae inniu, agus is ar sheanslinnte áitiúla a phéinteáladh na pictiúir. Rinneadh saothair ealaíne an-chruthaitheach ar fad ag an am seo. Bhain imeacht deireanach an lae seo le ceardlann phéisteanna. Ghlac an uile dhuine páirt, agus rinneadh staidéar ar shaol na bpéisteanna talún agus ar an tionchar a bhíonn acu ar fhás na bplandaí. Beidh ar Tom a chuid oibre féin a dhéanamh chun iad a chothú, áfach! Buíochas mór le muintir Uí Mhaoileoin, tá fíor-spiorad an phobail iontu, agus tá an mana atá acu díreach cosúil lenar ceann féin:  ‘Is Féidir Linn!’

Bhain an lá deireanach den Champa Dúlra le Slí na Sceach ag an ‘Forge’.  Faoin am seo bhí aithne mhaith ag na daoine óga agus ag na cúntóirí ar a chéile. Lá mór nádúir, ealaíne, spraoi agus bia blasta ón ‘Forge’ a bhí ann.

Ba é Paul Cutler ó Ghairdíní Altamont a stiúir an tsiúlóid idirghníomhach seo. Ina dhiaidh sin seoladh an Quiz nádúir/tóraíochta do dhaoine óga a bhaineann leis an tSlí. Seasfaidh an clár fógraíochta coimisiúnaithe nua go bródúil ar feadh na mblianta fada amach anseo i measc bolaithe agus fuaimeanna flóra agus fána Chill Bhríde. Gabhaimid buíochas mór le Mary Jordan agus le foireann an ‘Forge’ as an bhfáilte iontach a cuireadh romhainn. Ritheadh rás spraoi ubh-agus-spúnóg mar imeacht dheiridh an champa nádúir trí lá.

Comhghairdeas le cách agus go háirithe leis na páistí áille a bhí ag freastal ar an gcúrsa. Maidir leis na cúntóirí óga, bhíomar thar a bheith bródúil astu. Caithfimid buíochas a ghabháil le Gairdíní Altamont, le  Roibeárd a oibríonn sa gharraí daingean ann, le feirm torthaí Uí Mhaoil Eoin, agus le bialann An Forge.  Go mbeirimid beo ar an am seo arís!

Day 3. Sli na sceach. At the forge.Campa dulra

SAMSUNG

 

SAMSUNG

SAMSUNG

4/7/12

SAMSUNG

Emer Deacon shows off her specimens at the Campa dulra,  nature camp at malones fruit Farm. 4 th July 2012. Day two Of the camp held at the  fruit Farm. – simply delicious!  much thanks to our hosts the Malone family.

SAMSUNG

 

Time to study the worms. We have twenty nature detectives now around Ballon so Tabhair áire

3/7/12

Tús an Campa le Paul Ag gairdin Altamont. Campa dúlra dhá theangach.

SAMSUNG

SAMSUNG

Niamh peeps out through nature camp

SAMSUNG

19/5/12

Siopa Glas nua le hoscailt i mBalana.

Beidh siopa earraí athláimhe ag oscailt i mBalana, Co. Cheatharlach ar an Satharn, 26ú lá de Bhealtaine.Tá an siopa ar an bpríomhshráid. Is sráidbhaile é Balana atá suite i gceartlár Chontae Cheatharlach ar an N80.

Glór Bhalana agus Grúpa Feabhsúcháin Bhalana atá ag tabhairt faoin tionscnamh áirithe seo agus is foireann deonach ón gceantar a bheidh i bhfeighil an tsiopa. Bainfear usáid as an teacht isteach ón ngnó nua chun feabhas a chur ar shráidbhaile Bhalana.

Reachtálfar Lá Mór Caifé ar an Satharn oscailte ar son Foireann Chúram Bhaile Cheatharlach/Chill Chainnigh. Ina dhiaidh sin beidh an siopa ar oscailt gach Céadaoin, Déardaoin agus Aoine.
Uaireanta oscailte ná 10.00r.n – 4.00i.n.

Fáilteofar roimh earraí atá oiriúnach agus glan don siopa le bric-a-brac, deismireáin, earraí bhaile, plandaí srl san áireamh. Is mian le lucht eagraithe an tionscnaimh buíochas a ghabháil le gach éinne a chabhraigh leo chun an Siopa Glas a bhunú.

Tabhair cuairt ar an siopa agus cuirfear céad míle fáilte romhat.
Is Féidir linn!

27/3/12

img_5643

Anseo thuas pictúir de Aoife Ní Leathlobhair  a bhuaidh an chomórtas postaer Seachtain na Gaeilge i mBalana 2012.
Freisin sa pictúir tá Daithí ó Leathlobhair a fuair duais an triú ait le  Breda Wray agus Máire George ó Bhaile Shleachtmháir Bhalana.

Winners were Aoife Lawlor, Magda Szproch, David Lalor, Anna Tracey, Raena McElwee

26/3/12

glor-award

Sheol Glór Bhalana an Clár Imeachtaí do Chomórtas 2012 ag oíche mhór cheoil agus amhránaíochta curtha i láthair ag muintir na háite agus ag cuairteoirí ó Bhéal Feirste. Is ar an oíche roimh Fhéile Lá ‘le Pádraig sa tSeanscoil i mBalana a tharla an ócáid.

Labhair Barbara Jordan i rith na hoíche. “Déanfar gach iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn go nádúrtha taitneamhach in imeachtaí uile an cheantair – gan aon bhrú”, arsa Barbara.

Is iad seo leanas cuid de na himeachtaí a bheidh idir lámha againn.

Seachtain na Gaeilge

Céilí sa scoil áitiúil, Comórtas Póstaer Lán-Ghaeilge, damhsa do sheanóirí i Riverdale, Aifreann Lán-Ghaeilge, tae le hagallamh as Gaeilge sa tSeanscoil, Mórshiúl Lá ‘le Pádraig, Bronnadh na nDuaiseanna.

Mí Aibreán

Siúlóid (féintreoraithe) le bileog i nGaeilge ón mbialann “An Forge”. Is féidir an tsiúlóid seo a thosú am ar bith, agus fáilte. Beidh oíche Ghaelach againn le ceol agus craic ag piocadh an bhruscair sa Sráidbhaile. Táimid tar éis roinnt airgid a fháil ó Chomhairle Chontae Cheatharlach faoi scéim “Clár 21” chun comharthaí a chur ag an tSlí. Táimid ag obair ar bhileog do phaistí i dtaobh Slí na Sceach agus beidh an bhileog ullamh go luath againn. Tá Club Gairdín ar leith bunaithe sa scoil. Beidh ceardlann dhátheangach sa Ghairdín Orgánach Mí Aibreán chomh maith.

Mí Iúil

Is i Mí Iúil a bheidh an chéad Champa Samhraidh á reáchtáil againn. Campa Nádúrtha atá i gceist anseo. Beidh lán eolas ar fáil go luath. Beidh cúpla oíche Ghaelach, chomh maith le fulacht as Gaeilge á eagrú againn. Beidh ceardlanna éagsúla maidir le “Slí na Sceach” á chur ar fáil freisin.

An Fómhar  

Céilí Mór in Óstán Ballykealy tráthnóna Domhnaigh ag deireadh an tsamhraidh.

San fhómhar beidh teacht le chéile againn le daoine idir óg agus aosta ag glacadh páirte i dtráth na gceist.

Imeachtaí Eile

Comórtas Cárta Nollag a reáchtáil, agus páirt a ghlacadh in Aonach na Nollag.

Leanúint le “Gaeilge le Chéile”.

Tá sé ar intinn againn scéim a eagrú chun cnuasach d’aistí a scríobh scoláirí bunscoile i rang a cúig is a sé a chruinniú. Thógadh an scéim seo cúpla bliain le cur le chéile.

14/3/12

Céilí Sheachtain na Gaeilge i Scoil Pheadair agus Phóil.

Bhain daltaí agus múinteoirí na scoile  an-taitneamh agus spraoi as an gCéilí Faoin Aer. I gclós na scoile a bhíodar ag damhsa.   Bhí Ionsaí na hInse, Military Two Step agus An Mháirseáil faoi lán seoil .  Bhí Sean-Nós againn chomh maith le roinnt rincí nua.
Bhí na daltaí uile, agus go háirithe na naíonáin bheaga, go hiontach ar fad nuair a dhearnadar damhsa speisialta dúinn. Maith sibh go léir, a pháistí!

The Céilí held to-day Tuesday the 13th March was our third such event held outdoors in Ballon School.
Congratulations to all the Pupils for the brilliant dancing.
Thanks is due to all especially the teachers for the fun filled event.  Is feidir linn!   Roll on our Parade. Bi ullamh!
Thanks to Michael Martin for his excellent coverage of the event. Go beimid go léir beo ag an am seo arís.

See YouTube Link Here

28/2/12

dscf0727

 

Tá an tAire Donnchada Mac Fhionnalaoich T.D. sa phictiúr le muintir Ghlór Bhalana John Murphy, Máire Ní Sheoirse, An tAire, Barbara Jordan, Eibhlín Ní Mhurchú agus Séamus Mac Seoirse. Bhí siad ag bronnadh dhuaiseanna Ghlór na nGael in Óstán Carton House, Mágh Nuad an Satharn seo caite.

Bronnadh duais speisialta na Comhairle Oidhreachta ar Bhalana. Bunaiodh Glór Bhalana go luath i 2010 agus an bhliain seo caite bhuaigh siad duais Ghlór na nGael don chraobh nua ab fhearr sa tír.

Ba mhaith leis an gcoiste buíochas a gabháil le muintír an Forge as an bpáirc do Slí na Sceiche a chur ar fáil.
Tá tús an-mhaith déanta acu agus leanfaidh Glór Bhalana ar aghaidh le a lán eachtraí eile a bhaineann leis an dúlra agus le himeachtaí daoine óga ach go háirithe. ‘Sé an manadh atá acu ná… Is féidir linn!

20/1/12

St. Patrick’s Local Events Seachtain na Gaeilge Poster

27/12/11

SAMSUNG

Glor bhalana out on the dreoilin yesterday.
Went to sacred heart home first then a round of pubs.
All monies collected will go to homecare team.
Is feidir linn!

19/12/11

SAMSUNG

Feach ar seo. Is feidir linn.

6/12/11

CUIREADH na NOLLAG

3/12/11

Slí na Sceacha brochure 2011 irish & english-1 This new replacement one is bilingual where the other is English only.

3/10/11

Seirbhís Phobail Bhalana Teo.
An tSeanscoil, Balana

Cúrsa Oidhreachta Áitiúil

Reáchtálfaidh Seirbhís Phobail Bhalana, i gcomhar le Comhpháirtíocht Forbartha Chontae Cheatharlach, cúrsa faoin oidhreacht áitiúil sa tseanscoil ar na dátaí seo thíos:

An Déardaoin 6 Deireadh Fómhair idir 7i.n.–9i.n.

An Satharn 15 Deireadh Fómhair 3i.n.–5i.n. (siúlóid thart ar an sráidbhaile)

An Déardaoin 20 Deireadh Fómhair 7i.n.–9i.n.

An Chéadaoin 26 Deireadh Fómhair 7i.n.–9i.n.

Tá an cúrsa seo saor in aisce.

Toisc go bhfuil teorainn leis an méid áiteanna ar an gcúrsa, caithfear áirithint a dhéanamh trí ghlaoch ar Eileen ag: 059-9159447 / 087-2273516
ríomhphost: eileen@bbts.ie.

Amach anseo reáchtálfar cúrsa faoin Tírdhreachú, agus ceann faoi Facebook i mBalana chomh maith.

25/9/11

We had a very good turn out for the Caife Gaelach at the Forge on Sat evening and it was great to see many new participants.
Next one will be on the last Saturday of October and after that on the last Saturday of each month.
After our chat as Gaeilge some of the group went on a walk and talk around the Slí na Sceach.   A very uplifting experience.  Remember the hedgerow nature walk can be self guided by picking up an information leaflet at the Forge.  A great way to be at one with nature.

21/9/11 – Féile an Fhómhair

Feile an Fhómhair 2011 A3 Poster

8/9/11 – Pan Celtic  lunch and Heritage Week

Seachtain na hOidhreacha Bhalana./ Heritage week in Ballon

Ar an Satharn, an 27 Lúnasa tharla imeacht Sheachtain Oidhreachta Bhalana, ag Slí na Sceach, turas nua-oscailte in aice leis An Cheárta, Cill Bhríde. Ba é Paul Cutler, príomh-gharraíodóir ghairdíní Altamont a threoraigh na rannpháirtithe ar shiúlóid eagraithe timpeall na Slí.

Bhí ionadh agus ríméad ar chách maidir leis an éagsúlacht agus an méid dúlra a bhí le sonrú ar feadh an fháil sceach seo, atá suas le ceithre chéad bliain d’aois.

Léirigh an slua suim thar na bearta maidir leis an fhál, ina mbíonn toir adhmadacha, crainn, bláthanna fiáine, féara agus raithneach ag fás. Cuireann an fál bia agus fothain ar fáil do go leor mamaigh dhúchasacha, éin, débheathaigh, feithidí, féileacáin, leamhain, damháin agus eile a chónaíonn ann. Cuireann dhá thrian de na héin dhúchasacha fúthu i bhfálta sceach. Leag an ócáid oidhreachta seo béim nach beag ar an tábhacht a bhaineann leis an bhfál sceach ó thaobh cosaint a chur ar fáil don fhiadhúlra agus don fhlóra dúchasach, agus a chabhraíonn le timpeallacht shláintiúil a chruthú dúinn dá bharr.

Tá an tsiúlóid seo oscailte don phobal anois, agus chuir Glór Bhalana, Coiste Feabhsaithe Bhalana agus Bialann an Cheárta cosán féarmhar aitheanta agus bileog chuimsitheach eolais ar fáil a léiríonn iontais an dúlra ar féidir teacht orthu anseo ag Slí na Sceach i gCill Bhríde.

Nuair a bhí an tsiúlóid thart agus lón breá sláintiúil caite ag cách i mBialann an Cheárta, chuir na scéalaithe Jim Nolan agus a dheirfiúr Bridie siamsaíocht ar fáil le scéalta a bhain lena laethanta scoile féin. Is fada an uair sin ón chompord a bhíonn ag daltaí scoile an lae inniu!

Bhí seisiún ceoil ann ina dhiaidh agus chuir na deartháireacha óga Oisín agus Ciarán Byrne ó Thigh an Raoilinn rogha iontach de cheol Gaelach ar fáil chun deireadh a chur le himeacht Sheachtain na hOidhreachta.

Is féidir físeán de na himeachtaí a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Bhalana ag www.ballonvillage.com

Seachtain na Oidhreachta.
Next Wed at lunch time an advance group of about fourteen people from the five different Celtic countries that are going to be taking part in the Pan Celtic Festival in Carlow in April 2012 will be visiting the Forge for lunch. There will be some light entertainment there as well.

6/9/11 – Two upcoming gigs.

Paddy O Brien and Tommy Sullivan

5/9/11 – Pan Celtic

A chairde,
Fáilte romhaimh ar ais!
Hope you all had a nice summer and are ready to get going on preparations for Pan Celtic International 2012.

Representatives of the Celtic nations involved in Pan Celtic will be in Carlow in two weeks time to do some advance planning for April. The official handing over of the Pan Celtic Charter to Carlow as Host Town for the festival in 2012 (and 2013) will take place on Thursday, 15th Sept @ 7.30pm in the Seven Oaks. This will be a significant milestone in our preparations and hopefully you can all attend. If you have a friend who has some expertise to add to our fringe programme plans please bring them along.
Invitation attached.
Slán go fóill,
Bríde

Bríde de Róiste
Pan Celtic Carlow
bridederoiste@gmail.com
087 2857048

Invitation Here – Cuireadh Invitation

12/6/11 Visitors from Irish speaking club from Clontarf

A Mháire,

D’éirigh go hiontach leis an turas inné. Bhí an t-ádh linn leis an
aimsir. Bhíodar an-tógtha le gach áit… Altamont, Lón, Slí na
Sceacha, An Gairdín Orgánach, Ducketts Grove, An Dolmain, Visual & an
Ardeaglais. D’fhág Seán agus mé féin iad do dhinnéar sa Teach Dolmain
agus chuamar ar an Aifreann Gaeilge. D’fhágamar slán leo ag an treain
ansin.
Míle buíochas as fáilte a chur rompu agus na bileoga eolais as
Gaeilge. Ba mhaith le  cuid acu níos mó ama. Bhíomar ag brostú ach
taid chun tiomáint ar ais leis an gclann sa samhradh agus b’fheidir do
Pan Cheilteach.

Seo chugat cúpla pics.
Ag súil le dul go rince oíche amárach.
Bríde

7/6/11 – Slí na Sceach launch.

Well done to all involved for the very successful launch of the SlÍ na Sceach at The Forge Restaurant. Despite early signs of a deluge the rain held off and Éanna NÍ Lamhna was able to put her umbrella to much more interesting uses – such as caterpillar hunting! The assembled walkers listened intently as Eanna filled us in (dhá theanga) on the undercover life of our hedge-rows – we learned about cookoo spit, goose grass, forget-me-not, oak apples, itcy backs and the bad luck of the elder trees. The walk was finished off with a red carpet event. Éanna and Paul  did the honours of planting a commemorative decorative oak tree kindly donated by Robert Millar of Altamont Plant Sales.

See Youtube video here

The “Apres Slí ” consisted of a some lively music with Jackie Byrne and Michael Behan.
Some people did their party pieces including Éanna.

We are delighted to have such a beautiful informative nature walk on our doorstep.
Lets all hope that the present generation and  tomorrows people will bain teanaimh as.

The easy 0.5 km walk is located along side the Forge Restaurant and interpretive leaflets can be picked up inside or downloaded from here.

Slí na Sceach Brochure 2011

Slí na Sceach ag an FORGE Map

As this was very much a joint effort special thanks are owed to the following individuals and businesses:

Míle Buíochas -  Paul Cutler, Head Gardener at Altamont Gardens, Lucy Nolan & Sons; BNS Gardening Group;  Musicians Jackie Byrne & Micheal Behan; ; Altamont Plant Sales; Mary Jordan and all the staff of the Forge, Rev.Fr Brendan Howard PP.  Peter Jordan; Michael Martin, Ballon Community Services; Barbara Jordan; Éanna Ní Lámhna;  and the Members of Ballon Improvement Group and Glór Bhalána.

Is feidir linn!         ” Ní neart go cur le cheile”

Note by webguy:

I was surprised at how much I learned about life in the hedgerow in this one hour field trip. Éanna was a delight to listen to and a font of good natured and witty knowledge. The concept and the organisation got 10 points and I’d encourage parents to bring the children around the field and learn what nature has to offer. Then, on the doorstep, a visit to the Forge to round off a good day.

15/5/11

Ceili Poster

12/5/11 Dawn chorus summary

Altamont “Dawn Chorus” Huge Success!!! Buiochas le Dia !

Glór Bhalána and the Ballon Improvement Group are delighted with the massive success of the first ever Dawn Chorus event held in Altamont Gardens in the early hours of Sunday morning May 8th last.

The event started in darkness at around 4.00am when locals and others from all over County Carlow arrived to watch the sunrise and hear the first birdsong from a sparrow at around 4.45am!! A large crowd gathered quietly in the car park at Altamont and made their way in respectful silence by lamplight to the main gardens where Éanna Ni Lamhna of RTE fame lead the proceedings quietly identifying different birds as they woke up and started to sing to warn other birds off and protect their territory.

As the dawn was breaking nature slowly drew back the curtains lifting the black veil away from the trees in the garden. Those who attended were enraptured by a truly magical experience. Éanna Ni Lamhna spoke live with Derek Mooney on RTE Radio 1 who was broadcasting an all night programme on the Dawn Chorus speaking with callers and groups around the country who were also up early to hear the birds.

Glór Bhalána and The Ballon Improvement Group wish to thank all those who attended and everyone who helped to make the event possible. Special thanks to Paul Cutler and Pauline Dowling  of Altamont Gardens, Peter Jordan for his event management expertise, the stewards, the OPW and so many others. Mile Buiochas le gach éinne.

Dawn chorus

More pictures here: Glór Balána

See them on YouTube

The ‘Apres Chorus’  Bhí sé seo thar bharr.  Early bird breakfast was served at the local Bialainn ‘The Forge’.  It was a case of all hands on deck.  Members of our community tested their hospitality skills.. Without  a doubt , the Altamont Dawn Chorus event  was one of the best community occasions of the year.
Joe Whelan led the entertainment crew and even  Éanna herself gave us the Kilbride premier of her CD nua   “There was a old lady (not Eanna!) who swallowed a ……….”

Éanna Ní Lamha will be back to Ballon and Kilbride.  Meitheamh  an 5ú Lá, June the 5th  Sunday of the June bankholiday weekend  at 3.30pm  the “SLÍ   NA  SCEACHA “ will be launched.  It is situated around the fields  of Athenry ! no,  the fields of  the Forge. Ar agaidh linn. Is feidir linn!

Barbara Jordan 11th May 2011 068 8510115

Carlow  has a branch of Bird Watch Ireland.

Contact Andrew Power at 087 -7458436

3/5/11 – Dawn Chorus

Dawn Chorus Poster

21/4/11 – Pictures on the Night

Glór Bhalána

Glór Bhalána

The Cheque

18/4/11 – Best New Entry Prize

Pictures of the Ballon group attending the huge celebrations and award ceremony  taken with the new Minister of the Gaeltacht in Carton House in Maynooth last night  (Saturday the 16th .April)

It was a fantastic celebration of fifty years of the Glór programme  -  50 blian ag Fás – and along comes Ballon and wins the best new entry prize of 2010.  This is a thirty two county competition.  The over all Prize went to Derry with Carlow getting third place.

This is a huge achievement for Ballon and Carlow.

Watch this page for new of all the upcoming activities of Glór Bhalána.

Comhgardeachas do gach éinne a bhí pairteach linn i rith na mbliana.
Thanks to all who helped and attending our events during 2010.

“tosach maith leath na hoibre”

See it on YouTube

Note by John McDarby

> Carlow won 3rd Prize in the Glór na nGael national competition for towns where an Oifigeach Gaeilge is employed (€9,000 plus Certificate) plus the Fáinne Nua award (€1,500 plus trophy) at a gala function in Carton House Hotel in Maynooth at the weekend. Carlow was described as one of the most Irish large towns in Ireland
>
> Ballon won the Glór na nGael Best New Entrant title with €1,000 in cash.
>
> I interviewed Cormac Breathnach (a Tinryland UCD Psychology student and Treasurer of the 103 year old UCD Irish Society which won a €2,000 prize); Máire Ní Seorise (the driving force behind an Gaeilge in Ballon); Emma Whitmore (Oifigeach Gaeilge in Carlow) and Bríde de Róiste (Glór Cheatharlach) in Maynooth on the night for “Tobar an Cheanntair” on KCLR96FM next Wednesday at 9pm.
>
> Le gach Dea-Ghuí,
> Kindest regards,
>
> Seán MacDiarmada,
> John McDarby

17/4/11 – Dawn Chorus

Cruinniú na nÉan
This is a competition to complement the Ballon Improvement Group’s up coming “Dawn Chorus” event on the 8th May in Altamont Gardens. Timed for 4.30am.
Host will be Éanna Ní Lamhna.
Tháinig na héin go léir le chéile I Gairdín Altamont.  Bhí an t-iolar mór ann agus an dreoilín beag bídeach.  Bhí an smólach ann agus é ag canadh go binn.  Bhí an préachán ann agus gach “Cá! Cá! “ as.
Bhí na héin go léir ag caint le chéile.  Ní raibh éinne ag éisteach.
Sa deireadh lig an préachán scairt as.
“ÉISTIGÍ éistigí” ar seisean……………………………………
(Lean are agaidh leis an scéil I do focal fein)
Duaiseanna do’s na sceíle is fearr.
Closing date is :     Friday 27th May 2011.
Would be preferable to have the story handwritten.
Any queries  Contact   087 2424934

7/4/11 – Bilingual Night of Drama

Hospice to benefit from Bilingual Night of Drama.
Forget the recession and come along to an evening of light hearted drama in aid of County Carlow Hospice presented by Aisteoirí an Lóchrainn, Carlow Little Theatre Society, Gaelcholáiste Cheatharlach and the Dolmen Set Dancers in the G.B.Shaw theatre on Tuesday, 12th April @ 8pm. Carlow Little Theatre will perform extracts from Sive and Letters from a Matchmaker by John B. Keane. Carlow’s recently reformed Irish language group Aisteoirí an Lóchrainn will stage Dúirt Bean Liom which is the Irish version of Spreading The News written by Lady Gregory. Gaelcholáiste Cheatharlach will present a musical drama and there’ll be set dancing as never seen before from the Dolmen Set Dancers! Tickets €10 and €8 at the Box Office 059 9172400.  Enquiries to Glór Cheatharlach 085 1340047.     (Bríde de Róiste)

Oíche Mhór Drámaíochta ar son Oispís Chontae Cheatharlach.
Céad míle fáilte chuig Oíche Drámaíochta dhátheangach curtha i láthair ag Carlow Little Theatre, Aisteoirí an Lóchrainn, Gaelcholáiste Cheatharlach agus Rinceoirí Seite na Dolmaine in Amharclann G.B.Shaw  ar Dé Máirt, 12 Aibreán @ 8.00i.n. Ar chlár na hoíche beidh sleachta as saothair John B. Keane, Dúirt Bean Liom le Lady Gregory, ceoldráma le micléinn an Ghaelcholáiste agus Seit le casadh greannmhar ó na rinceoirí. Rachaidh brabús na hoíche chuig ciste tógála na hOispíse. Ticéid @ €10 agus €8 ón amharclann 059 9172400.  Tuilleadh eolais ó Glór Cheatharlach ar 085 1340047. (Bríde de Róiste)

Drama Poster

1/4/11 – Potato planting day/La na Praitaí sa gairdin organach Bhalana

23/3/11

Lainseáil  Clár Ghlór Bhalána do 2011.

Seoladh Clár Ghlór Bhalána  do 2011  i mbialann an Forge ar thráthnóna Dé Sathairn, 12ú lá Márta. Bhí slua mór idir óg agus aosta i láthair.
Sheol Peig Uí Mhuiris an clár agus dúirt sí ” go raibh sár obair á dhéanamh sa cheantar ar son na Gaeilge.  Bunaiodh Glór Bhálana bliain ó shin agus baineadh amach an duais don iontráil nua is fearr sa tír”
Bhí an Teachta Dála nua Pat Deering  i láthair chomh maith agus rinne  sé comhgháirdeacas leis an gcoiste go léir as an méid a bhí bainte amach acu thar thréimhse bliana.
“Ba mhaith linn ár mbuíochas a gabháil le Bríde de Roiste agus Glór Cheatharlach as an tacaíocht a thugann siad dúinn i gcónaí. Táimid ag súil go mór leis na himeachtaí éagsúla a bheidh ar siúl againn i rith na bliana romhainn amach”, a dúirt an Cathaoirleach Máire Ní Bhrosnacháin.

Glór Bhalána

Launch of the 2011 Programme for Ghlór Bhalána

The 2011 programme of Ghlór Bhalána was launched at the Forge restaurant on Saturday afternoon the 12th Marta.   A large crowd attended which included young and not so young.
Peg Morris launched the programme and she said” That the Ballon Glór group has done fantastic job of promoting the Gaeilge in the short time that have been in existence. She congratulated everbody involved on attaining the best new entry award for 2010 in the national competition”
New Teachta Dála Pat Deering was present and he congratulated the group with cúpla focail as gaeilge.
Glór Bhalána would like to take this opportunity to thank Bríde de Roiste and Glór Cheatharlach for the great help and encouragement extended to us.
For updates on all Glór Bhalána activities please check out the new section that we have acquired on the Ballon village website at www.ballonvillage.com.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>